School: Pádraig Naofa, Droichead Banndan

Location:
Bandon, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0314, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0314, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
  2. XML Page 030
  3. XML “Leigheasanna Áitiúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí a lán Leigheiseanna Áitiúla in Eirinn fadó. Nuair a fuair duine súil tinn chimil sé tae fuar leis nó uisce ón tobar i bPáirc an Bhaile. Nuair a bhíonn gart ar duine chimileann sé súgh caisear-bháin leis. Nuair a faghann leanbh nó páiste truich[?] tógann síad máthair an duilire nó bainne fághta taréis firéad. Nuair a bhíonn fadharcán ag duine cuireann sé lus na pingine leis. Annsan nuair a bhíonn ballrgóid[?] ag duine cuireann sé fige soairtithe[?] leis. Nuair a bhíonn creach ag duinne cuireann sé faill bhagúin leis. Nuair a bhíonn cealg neantóige ba cheart duilleóg Brighde a chur leis. Annsan nuair a faghann duine cealg beiche cuireann sé mailín guirm leis. Nuair a bhíonn creach ag duine ba cheart chéin a chur air. Deirtear dá mbheadh an truich ag leanbh ba cheart é a chur fe asal bhán naoi n-úaire. Sean-leigheas iseadh é sin. Níl lúibh na leigheas in aghaidh an bháis. Tá tobar in aice Droichid na Banndan. Tobar Mairmuire is ainm dó. Nuair a bhionn capall breóidthe tugtar uisce ón tobar sin dó.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish