Scoil: Pádraig Naofa, Droichead Banndan
- Suíomh:
- Droichead na Bandan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí a lán Leigheiseanna Áitiúla in Eirinn fadó. Nuair a fuair duine súil tinn chimil sé tae fuar leis nó uisce ón tobar i bPáirc an Bhaile. Nuair a bhíonn gart ar duine chimileann sé súgh caisear-bháin leis. Nuair a faghann leanbh nó páiste truich[?] tógann síad máthair an duilire nó bainne fághta taréis firéad. Nuair a bhíonn fadharcán ag duine cuireann sé lus na pingine leis. Annsan nuair a bhíonn ballrgóid[?] ag duine cuireann sé fige soairtithe[?] leis. Nuair a bhíonn creach ag duinne cuireann sé faill bhagúin leis. Nuair a bhíonn cealg neantóige ba cheart duilleóg Brighde a chur leis. Annsan nuair a faghann duine cealg beiche cuireann sé mailín guirm leis. Nuair a bhíonn creach ag duine ba cheart chéin a chur air. Deirtear dá mbheadh an truich ag leanbh ba cheart é a chur fe asal bhán naoi n-úaire. Sean-leigheas iseadh é sin. Níl lúibh na leigheas in aghaidh an bháis. Tá tobar in aice Droichid na Banndan. Tobar Mairmuire is ainm dó. Nuair a bhionn capall breóidthe tugtar uisce ón tobar sin dó.