School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 124
- XML “Comharthaí na hAimsire”
- XML “Seanfhocail i dtaobh na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a thagann faoláin tímcheall na mball so is cómhartha doininne é.
Cómhartha fearthainne iseadh na fáinleóga bheith ag imtheacht fan tailimh.
Cómhartha seaca iseadh an deatach a bheith ag eirghe anáirde.Dearg aniar soineann is grian.Nuair bhíonn na preacháin ag fuíghleáil is cómhartha báistíghe é.
Nuair ghabhann an corr-iasc sios fan na h-abhann is cómhartha doininne é, agus nuair ghabhann sé suas is cómhartha soininne é.
Nuair bhíonn an piobaire teallaigh ag píobaireacht is cómhartha soininne é."Ceó ar Mhuisire is Clárach lom an chómhartha soininne is feárr ar doman."Boga-leach ar maidin, fearthainn idir san agus an tráthnóna, boga leach ist oidhche soineann
Nuair fhanann na bráonacha clagair ar an bpána gloine is cómhartha é go leanfaidh an lá go léir fliuch. - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.