School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 129
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Timcheall cáogad bliadhain ó shoin, bhí fear ann gur b'ainm do Seán Ó Deasmhúmhna,”
Timcheall cáogadh bliadhain ó shoin, bhí fear ann gur b'ainm do Seán Ó Deasmhúmhna, agus bhí sé féin agus a mháthair ag teacht ó Corcaig le capall agus trucaill. Bhí an oidhche ana-dhorcha, agus bhí sé ag báisteach go trom. Nuair a thánadar go Cois an t-Seana-Mhuillinn, chuadar suas an bóthar thuaidh, mar bhí sé níos fothanúmhla ná an bóthar eile. Tímcheall leath-mhile suas ón gcrois, do thánadar go dtí tigh beag in aice an bhóthair. Nuair a bhíodar ag gabháil thar an dtigh, do chonnaic an mháthair trí leanbhaí óga ag dul isteach sa tigh. Bhí sé tímcheall a dó-dhéag a chlog san oidhche. Bhí greim ag an leanbhaí ar láimh a chéile, agus dubhairt an mháthair leis an mac aire a thabhairt dóibh. Níor labhair Seán focal, ach nuair a bhíodar imthighthe thar an dtig d'fiarrfhaig an mháthair d'en mhac an bhfeacaidh sé na leanbhaí. Dubhairt sé ná fheaca sé iad in aon chor, ach gur tháinig scannradh air agus sheasamh a ghruaig ar a cheann. Comáineadar leó abhaile, agus sroiseadar an baile tímcheall a h-aon a clog. Cuireadar an capall isteach sa stábla, agus chuadar a' chodladh. Nuair eirigh Seán ar maidin chuaidh sé amach go dtí an stábla ach bhían capall marbh ann.