School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 153
- XML “Lá Bealtaine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deintear alán rudaí mí-nádútha in Éirinn Oidhche Bhealtaine. Ba ghnáth le daoine riamh eirghe go moch maidean lae Bealtaine agus dul amach feuchaint an mbeadh deatach i dtightibh na gcómharsan. Dá mbeadh do creidtí roimis seo go mbeadh roint de thoradh a chuid tailimh beirthe ó'n duine sin i gcóir na bliana.
Do creidtí leis dá dtéigheadh duine amach maidean lae Bealtaine agus go ndeineadh sé tobar cómharsan do sgiomadh le gó-chupán agus an t-uisce do chaitheamh os cionn a gualainn chlé, go mbeadh an chómharsa san dealbh i rith na bliana mar go mbeadh an sochar ag an té a sgiomadh an tobar.
Ní chomáineadh na sean-daoine aon bhó amach Oidhche Bealtaine ar eagla go dtiocfadh duine éigin an treó agus go ndeanfadh sé na ba do chrúdh. Dá dtárluigheadh a leithéid deirtear go mbeadh an t-ím go léir ag an duine sin i rith na bliana.Chídheann an breac san abhainn an ré nua an chéad oidhche
Cídheann capall bán í an tarna oidhche
Cídheann an duine í an tríomhadh oidhche.- Collector
- Donnchadh Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Address
- Mullenroe, Co. Cork