School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 209
- XML “An Creachaillín Éithigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do greadadh ar daor chrois céasta peannadaigh
Do mhór glóire tabhair ar gcóir
Ach sleachta ceart Gaegheal nár shéan an t-Aifrean
Ná ainm na Réiltean maordha an bhanarlain
Thug deóil sóghmhail do leanbh na h-Ógh
Fanaidh ó'n dtréad so do shéan an Eaglais.
Ag teagasc na mbréithre naomhtha mbeannuighthe
Deanaidh seachanaidh i gcaomhnú i gcaradas
A ngéaga malluighthe bréan le h-eascaine
I ngleó slóigh ná glacaigh nbúr gcómhair.
IV
B'fhada é mo ghaoghal cé aosta céana mé
'S dá bhfeicfinn retréacht le h-aon chorp anaithe
Ar a' gcrón cóip a gcartadh le cómhar
Ach grathain a' Bhéarla do theacht ó Shasana.
An Cailbhin seo chraois do raobh na h-aitheanta
Gan cóir dóibh thug masla do'n órd.
A' gcartadh le piléaraibh tréana i gcathannaibh
D'fhúig marbh, lag, faon na méith-bhruic mbeathuighthe
Beidh féasta ar halla 'gainn, eigse a' canntain suilth
Beidh cléir na h-Eaglaise a léigheann an Aifreann
Ar leónaibh leónta agus bandanna ar seól.Diarmuideach Seamuis do chúm é.
Tá bhéarsa in easnamh agus ní dóibh liom go bhfuil an méid atá ann de ró chruinn mar bhí sé leath dhearmhadta ag an seanduine a thug dom é; ach do thógas síos uaidh é fé mar a fuaras é. Tá línte annso 's annsúd san áit eagcórtach is dóigh liom.
Seán Ó Liatháin, Sliabh Riabhach, Baile Mhúirne a thug dom é sa bhliain 1923. Tá sé curtha le cúig bliana.- Informant
- Seán Ó Liatháin
- Gender
- Male
- Address
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork