Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)
- Suíomh:
- Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 044](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_044.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 044
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rádh na dhiaidh "Ní leat-sá e sin! Ní leat-sa e sin! Nuair a leag sé an próca ar an mbórd sa chistin fuair sé amach go raibh an próca folamh. Do dhearmhaid sé féachaint isteach ann, an nóimeat a tháinig sé na sheilbh agus bhí cuairt i n-aistear ag an bhfear mbocht.
Do bhí páirc glás chearnógach ar bhárr an chaisleáin uair agus falla mor-thimceall uirthi. Do bhí oscailt ar thaobh amhain de'n bhfalla san cosamhail le doras. Do bhí beirt chailiní sa pharóiste seo uair agus do shiubhalaidís ar bhárr an fhalla agus thógaidís coiscéim treasna na h-oscailte gan eagla go dtuitfidís anuas.
Oidhche amháin bhí fear ag siubhal ar bhruach an t-Sulláin agus solus na gealaighe anuas ar gach aon nídh. D'fhéach sé suas ar an gcaisleán agus chonnaic sé cailín uasal áluinn mar a cheap sé na seasamh san oscailt cosamhail le doras. Do bhagair sí chúichí é agus chuaidh sé suas. Do bhí solus draoidheachta ann roimis. Do chuaidh an cailín trí dhoras isteach i seomra bhréagh. Do lean an fear í agus thuit sé anuas ó'n gcaisleán agus marbhuigheadh é.- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom an Gharraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Inse na hAmhraí, Co. Chorcaí