School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Castletownroche, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo ceann des na sean piseógaibh a bhíodh ar siubhal ag daoinibh san Rath Mhóir maidin Lae Bealtaine. Cailíní agus buachaillí óga gan pósadh a bíodh ag gábhail de'n t-sean-nós so. Is amhlaidh a theastuigheann uatha a fhághail amach, an bpósfaí iad, agus cé bheadh aca mar céile.Cailín go dteastóchadh an fios san uaithi, níor mhór dí bheith in a suidhe roimh eirighe gréine, agus dul amach ar fúd na bpáirceanna agus drúctín fhághail. Seilmeide beag ban iseadh drúchtín a bhíonn le fághail maideanacha go mbíonn an drúcht go trom ar an dtalamh.Nuair a bhfaghadh sí an drúchtín bhíodh uirthi é bhreith abhaile léi. Annsan caithfeadh sí pláta mór d'fághail agus plúr do scaipeadh go h-éadrom ar an bpláta. Chuirfeadh sí an drúchtín ar an bpláta annsan agus báisín annuas ar an bpláta agus a bhéál fé agus do leogfadh sí do'n drúchtín bheith ag snámh anonn is anall fe'n mbáisín go dtí go mbeadh a rian go maith ar an bplúr. Annsan do dhéanfadh sí an pláta agus an plúr d'inuichadh agus as an rian d'fágfadh an drúchtín ar an bpláta, agus ar an bplúr, déanfadh sí amach ainm an fhir a bheadh mar chéile aici.(continues on next page)