School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (roll number 14107)
- Location:
- Castletownroche, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Luineacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
- XML Page 087
- XML “Beannachadh a Bhíodh Acu”
- XML “Beannachadh an Dorais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a théightí fadó isteach i dtigh nuadh do marbhuigtí coileach agus do doirtí fuil an choiligh ar an úrlár agus ar táirsigh an dorais mar cosaint ar an dteinteán chun na daoine maithe do choimeád amuigh. Coisreacain an tighe ar gach cinneamhaint do b'eadh é. Doirtí buicéad uisge ar an úrlár leis.
- Áit beannuighthe do b'eadh táirse an dorais agus nuair a raghfá isteach i dtigh ba cheart beannacht éigin mar "Dia annso isteachs" do thabhairt do mhuintir an tighe. Glantaí na bróga ag an ndoras agus an cré a bheadh taobh istigh de'n táirsig, deirtí go raibh cneasú ins an gcré sin. Bailightí agus cuirtí isteach i gcorcán é in aice na teine, agus annsan bhíodh sé tirim cruaidh, agus bhíodh sé go h-iongantach chun teinneas cinn nó greim do leigheas. Glaodhtaí "Beannachadh an Dorais" ar an gcré sin.