School: Béal Átha Hubhla (B.) (roll number 3997)
- Location:
- Ballyhooly, Co. Cork
- Teacher: Dáithí Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Átha Hubhla (B.)
- XML Page 338
- XML “Piseoga”
- XML “Piseoga - Scéal Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)timcheall leath shlighe do tháinig fear isteach sa chlós. Chuaidh an sagart amach agus d'fhiafruigh sé dhe ar bé an fear a bhí ag deanamh na bpiseóg agus dubhairt an fear nár bhé. Le sin do thuit sé marbh.
- Sgeúl eile - Fadó do bhí bean in a cómhnaidhe i dtig agus do bhí fear oibre ag obair aice. Bhiodh an fear in a choladh i gcuinne na cistineac. Maidin Bealtaine do chuaidh an bean isteac i dtobán a bhí i gcuinne na cistneac. Dubhairt sí focail airithe agus do dhein sí girrfiad dhi féín. Nuair do bhí an bhean imtighthe do dhein an fear an rud ceadna agus do deineadh girrfiadh dhe. Do chuaidh an bhean ag deanamh a gnó. Nuair a bhí na piseóga deanta aice do tháinigh sí thar nais agus do dhein sí bean dí féin airís. Ní raibh fhios ag an buachaill cad íad na focail bá cheart dó a radh cun “fear” do dheanamh de féin airís. Biéígin dó fuirrach amuigh ins na páirceanna go ceann bliadhna. Tháinigh maidin Bealtaine áiris, chuaid sé go dtí an tigh, d’éistigh sé leis na focail dubhairt an bhean agus do dhein sé fear dhe féín áirís. Deirtear go raibh gruaidh dhubh ar a cheann sar ar chuaidh sé amach, agus do bhí sé chómh bán lé sneachta nuair a tháinig sé thar nais.
Tomás Ó Conaill An 28mhadh lá de Aibreán
Baile Atha h-Ubla. Aois 12 bl 9 mí- Collector
- Tomás Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Address
- Ballyhooly, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir