School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Page 096
  3. XML “Seán Bocht ó Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Doncha. Ní raibh éinne istig roimis ach mac do Doncha - Liam, a bhí 'na gharsún óg an uair sin. Chuir Seán a dhá uilinn anuas ar chomhlainn an leatdorais agus labhair sé leis, agus chuir sé dhe an bhéarsa so.
    Inis dod' father an sár fhear calma groidhe
    Dob fhairsinge clár agus dob fháilthighe dá bhfeaca sa tír
    Ag imeact do Sheán an lá so gur ghlaos chun a thighe
    Gus an fhaid mhairfead go brách, a ghrádh ná scarfaidh lem' chroidhe
    Len a linn sin tháinig Donchadh isteach. Cad é seo ort a Sheáin ar seisean.
    Seán:
    Anois ó táim dealbh gan earra gan éadach
    Gan rachtmas, gan saoghalthacht, gan talamh, gan treo
    Glacfad mo bhata le fuinneamh mo ghéaga
    Agus ní stadfad in ao' bhall go dtéighead ar an gCóbh.
    Rachad ar árthach gan mhácail gan éislinn
    A threabhfaidh an tréanmhuir go Sasana Nó
    Mar a mbeidh ól fada i dtábairníbh ag Seán bocht ó Eirinn
    Agus mo shlán leogaim féin ins na [?] seo im dheoig.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Pádraig Ó Cuirnín
    Gender
    Male