School: Athea (roll number 15686)
- Location:
- Athea, Co. Limerick
- Teacher: M. Bean Uí Dhanachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athea
- XML Page 324
- XML “An Cléir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní hé an bochtanas is measa dhom ach bheith síos go deó
A's an tarcuisne a leanann é, ní leighisfadh leomhan
Má tá an t-athair- mhac mar an eaglais níl brígh'nár ngnó
A's ní fearr dúinn an t-áifreann na suidhe ar an móin
____________________________________
Scéal ó Risteárd De Bhulf
do thug sé an scéal do Liam Ó Danacair OS. scoil na claise 35 bliadhain ó shoinn
___________________________________
Is minic do bhí Eoghan Ruadh Ó Suilleabháin in Áth-an-t-Sléibhe agus Mainistir na Féile. Le na linn sin do bhí Sagart Paróiste insa Caisleán Nuadh gurbh ainm dó an t-athair Liam Inglis, agus is minic a thug sé cuireadh do Eoghan Ruadh; teacht go dtí tig an t-sagairt nuair a thiocfadh sé go dtí an Caisleán Nuadh.
Pé sgeúl é nuair a bhí aonach ann, thánaig Eoghan Ruadh 7 dhá Chapall aige chun diól. Nuair a bhí an gnó san i leathtaoibh aige do bhí ocras an domhan, nídh nac iongnadh ar a bhfhile. Do cuimhnigh sé ar an sagart agus go dhírig chun a thighe. Is amhlaidh a thánaig bean tighe an t-sagairt amach chuige agus d'inis sí dó ná raibh an sagart ag baile ach gur fhág sé ordú aici breacfeasta a thabhairt dó. Isteach leo so seómra an bhídh.
Cad a bhí ann roimhis ar an mbórd ach práta mór agus(continues on next page)- Collector
- Liam O' Donachair
- Gender
- Male
- Informant
- Risteard de Bhulf
- Gender
- Male