School: Athea (roll number 15686)
- Location:
- Athea, Co. Limerick
- Teacher: M. Bean Uí Dhanachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athea
- XML Page 325
- XML “An Cléir”
- XML “An Cléir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gráine salainn gan faic eile, ach peann, páipéar 7 dubh i leath-taoibh an bhúird.
Rug an file ar an bpeann 7 do scríobh sé a leanas.
An Cléir
(see next page) - Is fada aniar mé ag triall ar aonach
Ar cuireadh gan iarracht riamh níor dheanas
Dá fhairsing é an bíadh, sí an iarracht cao;í
Ní mhairfinn-sé bliain fé riar na Cléire
_____________________________________
Is amhlaidh do bhí an sagart ag brath ar a leichéid. An fhaid a bhí Eoghan istigh bhí sé ar sa ghairdín: níor thaisbeáin sé é féin go dtí go raibh an scríobhadh criochnuithe ag an bhfile.
Ansan do bhuail sé isteach agus chuir sé na míle fáilte roimhe agus ní lugha ná gur chuir sé nuadh gaca bídh agus seana gacha dighe ar an mbórd rómpa. Do bhí sgeulte Garraighe le h'insint ag Eoghan agus ní raibh duine beo an uair sin (1770) d'fheadfadh an t-Athair liam do shárú ar cúntas a thabhairt ar Aonach Cromadh agus ar cruinniú na mbárd ann san aimsir imthighe.
Thug Eoghan an oidhche i dtig a t-Sagairt