School: Athea (roll number 15686)
- Location:
- Athea, Co. Limerick
- Teacher: M. Bean Uí Dhanachair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Athea
- XML Page 353
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mo gáire a leanadh na sceulta greannmhara dhá n-innsint ag na sean-daoine.
“Ar airighís” adearfadh Sean Ó Chonchubhair, “Cad dubhairt an fhear siúbhal leis an sagart, i Mainistir na Féile?”
Bhuel, bhí an t-athair Ó Cathasaig ‘na sheashamh ag an geata an t-séipeíl roimh an Aifreann agus na pinginí a gcaitheamh isteach sa bhosca os a chomhair amach. Thánaig fear, fear suibhal go dtí an teampall chun Aifreann agus do thaisbeáin an sagart an bosca dó. Cad a dhein mo thinncéar ach stad agus smuta gáire neamh-chórach do chuir air. “Dar fiadh a athair” ar seisean “Sé an t-airgead síos é riaghail na cléire. Is dócha ná fuil cead dul isteach gan costas go h-aon áit ach go h-áifreann!” Do léim an sagart chuige, ach do bhi an tinncéir imthighthe ar nós na gaoithe. Ní deirtear gur éist sé Aifreann an lá san.”—-------------------------------------------------
“Inneosaidh mé díbh” arsa Ristéard Éamoinn “cad a dubhairt Tadhg na mbóthair leis an sagart”. Bhí Tadhg beagainín simplí, ach níor duine le Dia ar fad é. An lá san do bhí mór siubhal sa t-sráid, lá Corp-Criost a bhí acu agus féasta mór é sin(continues on next page)