School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
![The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 352](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0617%2FCBES_0617_352.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 352
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Page 352
- XML “An tAonach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)352
fé leith ann ar a dtugtar "pairc an aonaigh" agus is ann a ndioltar na beithidhig ach uaireannta núair nách mbionn ann ach stoch ar na sraideannaibh.
Nuair a bhíonn aonach mór lé bheith téigheann na ceannuightheóirí ó thig go eile an tráthnóna roimh ré ag ceannach .'Sé 22adh Eanair nó aonach mór na Nodhlag na haontuighe is mó.Bíonn aonach f e leith i gcóir beithidhig gachmí ,aonachi gcóir na muc an Máirt deireannach de gach mí,agus aonach i gcóir capall úair no dhó sa bhliain.
Fadó bíodh aontuighte níos flúirse na mar atáid anois ach ní bhiodh ach cruinniú beag ag gach ceannaca agus cuireadah deire leo.Nuair a cheannuigheann an ceannuighteór aon rud bíonn air marc a chur ar ,cuireann sé an march sin in a drom lé dath nó géarann sé marc ar le siosúr i dtreó na ragaidís amú.
An fear a díolann na beithidhig bíonn air paidhche a díol do réir an rud a dhíolanns sé.Bailighíonn an fear gur leis an sráid an paidhche sin.Aon duine a sheasann ar an sráid le earraí bionn air an paidhche ceadna a dhíol.