School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 437

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 437

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 437
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seán de h-Ór agus an t-Eas
    Casadh dailtín óg le Seán de h-Ór in-aice le h-eas Cill Dálua agus ráinig comhrádh eatorra mar seo - d'fiafruig an dailtín de - Cé mhéid cairt de'n sáile gabhann thar an t-eas seo Cill Dálua. Do fhreagair Seán an dailtín agus seo an freagra - is deacair é tómhas 'na gcairt mar tá sé láidir luath acht an méid na gabhann an t-áth do gabhann sé an t-árd ó thuaidh de sin.
    II
    Bhí cailín ag leigint gur inghean de Seán de h-Ór a bhí innti agus bhí sé ag iarraidh a deanamh amach an raibh an ceart aici. Chuir sé go dtí an portach í ag iarraidh cliabh móna agus a uair a bhí sí amuigh chuir sé an bolta ar an ndoras. Nuair do chas sí leis an mhóin bhí sí ag iarraidh dul isteach agus Seán ag leigint air féin ná raibh aithint ar domhain aige uirthi. Tar éist tamaill d'iarr sé uirthi "céirb é í" "Cé h-é seo atá ag deanamh comh dána bheith ag bualadh mo dhorais arsa sinn.
    "Is mé inghean Seán de h-Ór
    Cailín corach deas
    A bhfuil cliabh móna ar árd mo thóin
    Agus is cóir mé scioladh isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus O' Donoghue
    Gender
    Male
    Address
    Bauntlieve, Co. Clare