School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
![The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 438](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0620%2FCBES_0620_438.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 438
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 438
- XML “Scéalta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do bhí sean-bhean agus a h-inghean ag nige éadach in áit uaigneach in aice na h-abann. Do bhí leanbh óg aca sa bhaile agus do thugadar leo í go dtí an áit 'na rabhadar ag obair. An fhaid is bhí na mná ag obair bhí ag leanbh ag imirt agus can do fuair sé sa pháirch acht chloch. Bhí an cloch seo cruinn i gcuma - timcheall cuig orlaigh ar fhaid - bachall ag ceann agus é follamh sa lár. Bhí ana mheas ag an gcailín óg ar an rud agus do thug sí léi abhaile í. Bhí athair an leinbh ag obair sa t-sráid-bhaile agus nuair do tháinig se abhaile cun an dinnéar fuair sé pian sa chroidhe. Ba bheag an goile a bhí aige cun dinnéir acht mar sin féin d'ith sé beagán agus dubhairt sé leis an mnaoi go raibh sé tinn. Nuair a bhí an dinnéar ithte aige d'fill sé thar n-ais cun na h-oibre acht tháinig sé abhaile go luath sa tráthnóna agus bhí an pian ag éirighe nios measa. Chuaidh sé a codladh agus sar a bhí leath na h-oidhche caithte b'eigin d'á mnaoi fios do cur ar an ndochtúr agus ar an sagart. B'é an sagart ba thúisge a tháinig agus do chuir sé an Bia Dhéanach ar an bhfear. Níor tháinig an dochtúir go dtí an lá n'a dhiadh sin mar bhí sé 'na chomhnuidhe seacht míle deag ó'n áit fein. Sar a tháinig sé do bhuail bean an-aithnid isteach cucha. Ní raibh istig acht bean a-tighe agus bhí sí ag obair go dian agus geallaim duit go raibh sí cráithte go maith. Do labhair an stroinnséar mar(continues on next page)
- Informant
- Séamus O' Donoghue
- Gender
- Male
- Address
- Bauntlieve, Co. Clare