Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)
- Suíomh:
- Forghleann, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seán Mac Daibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
- XML Leathanach 438
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí sean-bhean agus a h-inghean ag nige éadach in áit uaigneach in aice na h-abann. Do bhí leanbh óg aca sa bhaile agus do thugadar leo í go dtí an áit 'na rabhadar ag obair. An fhaid is bhí na mná ag obair bhí ag leanbh ag imirt agus can do fuair sé sa pháirch acht chloch. Bhí an cloch seo cruinn i gcuma - timcheall cuig orlaigh ar fhaid - bachall ag ceann agus é follamh sa lár. Bhí ana mheas ag an gcailín óg ar an rud agus do thug sí léi abhaile í. Bhí athair an leinbh ag obair sa t-sráid-bhaile agus nuair do tháinig se abhaile cun an dinnéar fuair sé pian sa chroidhe. Ba bheag an goile a bhí aige cun dinnéir acht mar sin féin d'ith sé beagán agus dubhairt sé leis an mnaoi go raibh sé tinn. Nuair a bhí an dinnéar ithte aige d'fill sé thar n-ais cun na h-oibre acht tháinig sé abhaile go luath sa tráthnóna agus bhí an pian ag éirighe nios measa. Chuaidh sé a codladh agus sar a bhí leath na h-oidhche caithte b'eigin d'á mnaoi fios do cur ar an ndochtúr agus ar an sagart. B'é an sagart ba thúisge a tháinig agus do chuir sé an Bia Dhéanach ar an bhfear. Níor tháinig an dochtúir go dtí an lá n'a dhiadh sin mar bhí sé 'na chomhnuidhe seacht míle deag ó'n áit fein. Sar a tháinig sé do bhuail bean an-aithnid isteach cucha. Ní raibh istig acht bean a-tighe agus bhí sí ag obair go dian agus geallaim duit go raibh sí cráithte go maith. Do labhair an stroinnséar mar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Séamus O' Donoghue
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bánsliabh, Co. an Chláir