School: Clochar na Trócaire, Inistíomáin (roll number 16359)
- Location:
- Ennistimon, Co. Clare
- Teacher: An tSiúr Teresita
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 35
Seanchas i dtaobh na hAimsire.1.Nuair a bhíonn fáinne mór-thimcheall na gealaighe sin comhartha báistighe.
2..Nuair a shuidheann an cat agus a dhruim leis an teine sin comhartha droch aimsire.
3.Nuair a luigheann na ba roimh meadhan lae bíonn fearthainn againn um tráthnóna.
4.Nuair a luíonn an ghealach ar a druim sa spéir bíonn fearthainn againn.
5.Nuair a sheideann an ghaoth anair
andheas tagann an bhaisteach.
6..Nuair a bhíonn na h-éanlaith at eitilt go h-iseal insan spéir sin comhartha báistighe.
7.Nuair a thagann na faoláin isteach ón bhfaraige bíonn báisteach ann.
8.Nuair a bhíonn ceó an bhóthair ag éirighe tagann an fhearthainn.
9 Nuair a theigheann an ghrian faoi go dearg um tráthnóna bíonn an aimsear bhréagh again.
10..Nuair a bhíonn ceó ar an abhainn sin comhartha aimsire bréagh.
11..Nuair a bhíonn tráthnóna fuar insan samhradh(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Mhacháin
- Gender
- Female
- Address
- Ennistimon, Co. Clare
- Informant
- Bríghid Ní Bhlachadh
- Gender
- Female
- Address
- Ennistimon, Co. Clare