School: Clochar na Trócaire, Inistíomáin (roll number 16359)
- Location:
- Ennistimon, Co. Clare
- Teacher: An tSiúr Teresita
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 87
Seana -Scoileanna Bhí a lán seana scoileanna ann fadó.Do bhí sgoil i maghadh (Moy) leath míle ó Leacht Uí Chonchubhair,agus sgoil eile in Inis Diomáin agus a lán áiteanna eile ar fud na tíre.Bhíodar ann sar a dtáinig na sgoileanna náisiúnta amach.Do bhí difríocht mór idir na scoileanna a bhí an fadó agus na scoileanna atá ann anois.Is amuigh fé'n aer do bhíodar uaireannta ach má tháinig lá fliuch b'éigin dóibh dul isteach ins na chabháin a bhí aca.Ni rsaibh aon bhínse nó cathaoireacha aca,ach do bhíodh siad suidhe ar fhóidín agus do bhí fóidín ag gach buachaill a bhí ag dul ar sgoil.Ní raibh aon pheann luaidhe aca nó cóip leabhair ach do bhí slinne aca mar cóip leabhar agus píosa cloiche mar pheann luaidh.Is é Mach Curtain a bhí ag múineadh ins an sgoil.Gach oidhche nuair a bhíodh an sgoil thart ,b'éigin do na buachaillí an múinteóir a thabhairt isteach ina dtighthe .Bhí na scoláirí bochta ana léieanta an t-am sin. Bhíodar níos leigheanta ná na scoláirí atá ann anois.- Collector
- Áine Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Lehinch, Co. Clare
- Informant
- Michael Reidy
- Gender
- Male
- Address
- Lehinch, Co. Clare