School: Gortloney (roll number 11978)
- Location:
- Gortloney, Co. Meath
- Teacher: Eoghan de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortloney
- XML Page 155
- XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus ag dul i méid i n-aghaidh an lae agus an-dheachair ar fad an obair í an mhéid arbhair,a bhí riactanach dóibh a mheilt, mar ní raibh acht bró le'n a mheilte aca. Chuir Naomh Feichín chuig muileann do thógáil de bhrígh go raibh truagh aige do lucht meilte an arbhair. Nuair a bhí an muileann tóghtha ag an saor agus gach rud reidh chun oibre, mo bhrón! ní raibh aon uisge ann leis an roth do chasadh! Bhíodar na lucht oibrighthe agus na manaigh i sáinn. "Is féidir le Dia uisge do chur 'na threo", arsa Feicín, agus as go brath leis féin agus cúpla manach leis thar an gnoch nglas, an Charraig, agus síos go bruach Locha Léin, iad ag paidireóireacht agus ag canadh dánta Diadha ar an mbealach
Nuair a shroiseadar bruach an locha, bhuail Feicín na cairraige len a bhachall. Sgoilthigheadh iad agus ar an bpoinnte do bhrugh uisge an locha 'na sruthán mear cumasach fé'n Charraig amach go Gleann Fobhair, agus díreach chuig an áit na raig an muileann gur cuireadh an roth ag casadh go tobann. Bhí fear déanta an rotha 'na codladh in áit eigin in aice an rotha agus fuair sé bás-báthadh é leis am tuile uisge. Ach nuair fuair an Naomh é sin amach do chuir sé arais na bheatha arís é le cabhair Dé.
Tá an sruthán ag teacht amach ó bhun na(continues on next page)