School: An Clochar, Cill Ruis
- Location:
- Kilrush, Co. Clare
- Teacher: An tSr. Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a póstar duine éigin bhíonn a lán spóirt acu. Go mór ar midin téigeann an fear agus an cailín go dtí an séipéal. Tar éis an phósta bhíonn breisfeást acu agus bhíonn gach saghas bídh agus gach saghas díghe le n 'ól acu. An chéad Domhnach 'na dhiadh sin deirtear nach ceart don cailín dul ar Aifreann.
Nuair a bhíonn sean bhean no sean fher ins an tigh ina bhfuil buachaill, agus nuair a bhíonn an buachall ag pósadh tugann an mháthair agus an t-athair an fheirm agus an tigh dó ach déantar socrú leo. De ghnáth socruightear seomra fé leith, beith acu agus cead acu úsail dhéanamh de'n chistin. Má's rud é nach réidhtigeann an bhean óg leo agus go mbíonn ortha dul as an dtigh, bíonn suim áirithe le díol leo. Bíonn a lán scríbinn le déanamh ag an bhfear agus an mnaoí. Ní pósfaidís murra mbeadh airgead acu.
Bíonn rinnce agus bíonn beidhleóir adg seinn ceoil san oíche i ndiadh an phósta. Tagann "bacaigh" go dtí an tigh agus bíonn ar an gcailín rinnce le gach duine acu.
Brigíd Ní Dheagháid, Dún na nGrógán, Cill- Aimidhe.
M'athair a innis na rudaí seo dom.- Collector
- Brigíd Ní Deagháid
- Gender
- Female
- Address
- Doonnagurroge, Co. Clare