School: An Clochar, Cill Ruis
- Location:
- Kilrush, Co. Clare
- Teacher: An tSr. Pól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tír seo bhí gorta mór ó'n bhliadain 1845 go bliadain 1847. Bhí na daoine ag fághail báis o'n ocras.Sa duthaigh seo do bhí triúr drithéar agus ní bhfuareadar aon rud le n-ithe ar fead coigiosa. Chuaidheadar amac cun féar d'ite agus níor bhfeidhir leo é do dhéanamh. Trí lá indiaidh a chéile fuar duine dóibh (?) bás. Triúr de muinntir Ceallaig do b'ainm dóibh. Tá fothrach an thige in a raibh siad ina gcomhnuidhe le feiscint fós.Bhí na prataí go maith nuair a bhíodar ar an dtalamh agus nuair a bhaineadar iad agus nuair a bhíodar ins na carnaibh tháinigh an dub ar na prátaí.D'ith na daoine cabáiste indhiad na bprataí sa duthaigh seo. Níor thug an Rialtas aon congnamh dóibh act thugeadhar obair do cuid do's na daoine ag deisú na mbóithre anois agus arís.Sa deire bhi feabhas mór ar gach rud nach mór. Bhí an eorna go maith acu. D'fhás nabarraí go léir go maith san deire agus dhíol na daoine iad agus cheannuig siad prataí.Máire Ní Fleathbhartaig, Gomhar, Chuar an Chlair
- Collector
- Máire Ní Fleathbhartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Gower South, Co. Clare