School: Cúl Mín, Inis
- Location:
- Coolmeen, Co. Clare
- Teacher: Dd. Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Mín, Inis
- XML Page 272
- XML “Púcaí”
- XML “An Bhean Sí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chídí fadó taidhbhsí ar bhóthar na gCnoc nDubh .i. an bóthar ó Chill Ruis go Cill A' Disirt.
Bhíodh fear an Phuist ar an mbóthar san tamall ó shoin. Capall a bhíodh aige is ba mhinic a bhuail sé le taidhbhse mná. Oidhche amháin thug sí fé agus nuair a chuala daoine na comharsanachta é ag béiceadh, thángadar cuige le spliontair ar lasadh. Deamhan duine a chonnacador cé gur chualador na buillí go léir. Nuair a thángador ós a chionn bhí sé marbh is a chapall in aice leis.
Go minic ina diaidh sin chídí capaill gan cinn ag dul de léim thar cladhthacha an bhóthair ann. Sé an t-ainm atá ar an áit sin fós ná "The Leaping Gap". - Tá cnoc i gCúil Mín ar a dtugtar "Creagán na gcat".
Seo mar do h-ainmnigheadh é.
Bhí bean sídhe riamh ag muintir Ui Loingsigh sa chuid seo dein Chlár agus nuair a bhíodh duine acu marbh dheineadh sí a greas caointe i gcomnuidhe ar an gcnoc so. Dheineadh sí an caoineadh díreach mar(continues on next page)