School: Clohanes, Dún Beag
- Location:
- Clohanes, Co. Clare
- Teacher: Mícheál de Bláca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oileán beag atá in aice le Oileán na gCaorach i gCuanta na Mara Báine.(Beul oideas).Bhí sean-bhean in a comhnuidhe mar a bhfuil loch Uí Sheanacháin anois (an loc atá in aice na scoile) agus bhi tobar draoidheachta aice in aice an tighe.Bhí gaisgidheach in a chomhnuidhe i gCathair Murchadha agus chuaidh sé amach lá ag troid le Matal ins an oilean. Bhuaidh sé ar Mhatal agus ar theacht abhaile dhó um thrathnóna bhí sé traochta lag agus iadtha tarta dá thachtadh. Bhuail sé isteach go dtí an cailleach seo ag iarraidh deoch uisce, acht diultaig sí an deoch do thabhairt do mar duine muinnteardha do Mhatal ab eadh í. Amach leis agus rabharta feirge á thachtadh. Bhris sé clár an tobair. Sgéith an t-uisge, báthadh an sean-chailleach agus tá an loch ann ó shoin.