School: Clohanes, Dún Beag

Location:
Clohanes, Co. Clare
Teacher:
Mícheál de Bláca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Page 180
  3. XML “Lorcán Mac Luirc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    I gcionn tamaill feucaint éígin da dtug Bran thairse do chonnac sí ag deunamh uirrthi an tarrachtaidhe caillighe ba ghránda dá bhfeacaidh súil riamh, agus an dá fhiachail ba shia siar na ceann mar dhá bhata croise (?) aice.
    Nuair a connaich Bran an chailleach mhór ag teacht fé na déín do chuir sí glam aisti chun Fionn a dhúiseacht agus thug sí baoth-léím as an áit go raibh sí go ndeaghaidh sí i mbreicill na caillighe. Bhí tagaithe ana-comgarach dóibh san am san, agus le fothram an chatha agus an cruaidh-chómhraich a bhí idir Bran agus an cailleach do dhisigheadh Fionn as a chodladh agus do glaoidh sé an cú chuige annsan agus do tharraig sé a claidheamh agus do chuaidh fé dhéin na caillighe cun an cinn a bhaint dí.
    "Stad a Fhinn" arsa an cailleach "mar nách cun catha thánad-sa fé'd' dhéin acht feucaint an imireófá breith"
    "D'imireóchainn cheana" arsa Fionn "níor chuireas suas riamh dó."
    Le na linn sin do tharraig an chailleach cuiche clár na h-imeartha agus do luigheadar ar imirt.
    Más eadh do chuir sí ar Fhionn an cead breith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish