School: Clohanes, Dún Beag
- Location:
- Clohanes, Co. Clare
- Teacher: Mícheál de Bláca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clohanes, Dún Beag
- XML Page 205
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in-a chómhnuidhe in iarthar an Chláir fadó. Muirisín Fódra a b'ainm dó. Do bhí taidhreamh aige go raibh corcán óir fé'n "Treaty Stone" i Luimneach. Do chuaidh sé go Luimneach i mbád suas an t-Sionainn. Nuair a tháínig sé go Luimneach ní raibh fhios aige cá raibh an "Treaty Stone." I gceann tamaill tháínig sé go dtí an áit 'na raibh an t-ór. Bhí an áit lán de dhaoine agus bhí eagla air dul ag triall ar an óir. Chuaidh sé ar ais go dtí an báidh an oidhche sin. D'éirigh sé go moch lá ar na bháíreach agus chuaidh sé go dtí an "Treaty Stone." Do thosnuigh sé ag obair cómh mear agus a bhféidir leis. Ní raibh sé i bhfad ag obair nuair a tháínig fear chuige.
"Cad tá á dhéanamh agat," ars an fear.
D'innis Muirisín a sgéal go léir dó.
"Téigir abhaile a amadán," ar seisean.
"Tá msie ag taidhreamh go bhfuil corcán óir fé chrann aiteann i lios in-aice tigh Mhuirisín.
Chuaidh Muirisín abhaile agus fuair sé an t-ór.
Bhí sé saidhbhir as san amach.(continues on next page)- Informant
- Seán Mac an Airchinnigh
- Gender
- Male
- Address
- Mountrivers, Co. Clare