School: Clohanes, Dún Beag
- Location:
- Clohanes, Co. Clare
- Teacher: Mícheál de Bláca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clohanes, Dún Beag
- XML Page 215
- XML “Fir Cháiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fir LáidreBhí fear láidir ins an ceanntar so fadó. Micheál Ó Dubháin, Cluain Úi Gharnán, Críoch, Co. an Chláir abh ainm dó. D'fhéádfadh sé dhá mála plúis, agus fice cloch meadhchain ins gach mála, d'iomchar agus d'árduigh sé cloch an-mhór ná raibh aoinne eile ábalta é d'árdú.
Mná SuibhalDo chrúd bean Úi Uinsionn na ba ar maidin agus annsan do shiubhail sí go Inis agus thug sí mála ólna abhaile léi agus bhí sí thar n-ais chun na ba do chrúdh um thráthnóna. Bhí an bhean sin ó Chluain Úi Ghárnan, Críoch, Co. an Chláir.
Fir SiubhailShiubhail Micheál Ó Ceallaigh go Gaillimh chun capall do cheannach timcheall dachadh blian ó shoin. D'eug sé timcheall ceithre blian ó shoin.
Fir LéimeFuair Ceann Léime, Co. an Chláir an ainm sin ó léim do thug Diarmuid Ó Dúibhne ó'n móirthír go dtí carraigh mór atá ins an bhfairrge in-aice leis. Bhí sean caileach ghá leanamhaint agus nuair tháinig sé go Ceann Léime, léim sé amach go dtí an carraigh. Lean an caileach é, léim Diarmuid ar ais arís agus thug sí iarracht ar é do leanmhaint acht thuit sí isteach sa bhfairrge, agus bádadh í.(continues on next page)