School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
![The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 078](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_078.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 078
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- XML Page 078
- XML “Progaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Níor call dom a bheith 'dul go dtí an aonach a' díol mo Progaí bocht". D'oscail sé an geata agus sheol sé amach Progaí. Nuair a bhí sé ag triall ar an aonach annsan, "Mo ghrádh thú a Phrogaí bhocht" adubhairt sé agus chrom sé ar ghóll. Ní raibh sé i bhfad ón sean-theich seo an uair a tháinig fhirín beag, bíodhghach, suas leis agus a tháp-cót síos, glan leas go bonn a bhróg. "Móra dhuit, ar maidin, a Dhomhnaill Mhic Cárthaigh" adúbhairt sé. Do bhuail Domhnaill buile dá mhaide ar a mbuin, leithí deabhaidh dheanadh amach agus pé deabhaidh dhéanfadh sé féin 'is an bhó bhí an fear beag cos ar chois leis. "An (go) dtí an aonach atá tú dul?" ars-an fear, "le do bhuin chun í dhíol". "Is eadh mhuise" adubhairt Domhnall. "Cad air í ndíolfá do bhó?" adúhbhairt an fear beag. "An oiread so" adubhairt sé. "Níl aon airgead agam" arsan fear beag "a thabharfainn duit, ach tabharfaidh mé buidéal duit, ach is buidéal folamh é". adubhairt sé". "Cad é an mhaith domhsa do buidéal folamh?" arsa Domhnall. "Cad a dhéanfá" arsan fear beag "dá dtuitfeadh do bhó marbh ar thaobh an bhóthair ort sul a dtéitheá go dtí an aonach, nó téidhir go dtí an aonach agus díol í, an uair atá do bhó díolta ar an aonach agat is do chuid airgead agat agus tú a' casadh abhaile annsan dá márbhuightí ar an mbóthair annsan tú, is tú robáil, ní bheadh aon rud in aon chor agat. Glach mo chomhairle agus tóg an buidéal agus déanfaidh sé fear saidbhir díot" adubhairt a fearr beag. Do ghlac(continues on next page)
- Collector
- Áine Dé Róiste
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare