School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- XML Page 079
- XML “Progaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Domhnall an buidéal. "Nuair a raghaidh tú abhaile go dtí Peig, fiafrochaidh sí dhíot ca'l an t-airgead. Abair léithi 'ní bhfuair mé aon airgeaad ach buidéal'", adubhairt an fear beag. An uair a tháinig sé abhaile d'fhiafruigh Peig de "Cá bhfuil an t-airgead?". "Ní bhfuair mé aon airgead" adubhairt Domhnall, "ach buidéal follamh"."Ó, a dhearg amadáin" adubhairt Peig. "Cén ciall duit mo Phrogaí bocht a dhíol ar buidéal follamh?". D'eirig Peig sukas is fuair sí maide leilthi an buidéal a bhriseadh agus Domhnall a fuiar an cead buile den mhaide. "A Pheig" ar sé "ná bris an buidéal, dubhairt an fear beag liom go ndéanfadh sé fear saidbhir díom". "Cad a dhéanfaidh mé leis an mbuidéal?" arsa Domhnaill leis an bhfear beag. "Táimid a scaramh ó chéile anois". "Anois, a Dhomhnaill", arsan fear beag, "nuair a racaidh tú abhaile abair le Peig bairlinn breigh, glan a thabhairt duit, leathan ar an urlár an bairlinn; cuir an buidéal seo in a sheasamh istig i lár an bhairlinn, annsan abair don do duital a bhuidéal anois". An uair a dubhairt Domhnall é sin, seo amach bulóga 'ráin as a mbuidéal agus tá siucre go fairsing. An uair a bhí san as amach do tháinig amach miasa óir agus míosa airgid - lán trucaile asal diobh. Chuaidh sé go dtí an siopa le ceann des na miosa óir ar dtús. D'fhiafruigh fear an t-siopa cad a bheadh aige ar an mias san. D'fhiafruigh fear an t-siopa cad a bheadh aige ar mias san. Dubhairt Domhnall gur deich bpúnt a bhí aige ar an meas sin. "Bhfuil tada(continues on next page)
- Collector
- Áine Dé Róiste
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare