Scoil: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Suíomh:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Glas Gaimhneach
Bhí beirt na gcomhnaide i Rehy fadó agus bhíodar ana bhocht. Mar sin féin níor sgaoileadar fear bocht ón dorus riamh gan déirc do tabhairt dó.Thainigh fear siubhail chucha oidhche agus d'iarr sé bheith istigh agus do tugadhar ceadh dó bheith agus fáilte. Ní raibh acht an t-aon bheile agus do rionnedhar leis é. Maidin nuair d'eirigh muinntír an tighe, ní raibh tásg na tuairisg an fhir le faghail agus bhí bolta ar an dorus. Nuair d'fosgail fear an tighe an dorus chonnaich sé bó glas leas amuigh d'en dorus agus í ag sileadh bainne. Do chrughadh bhean an tighe an bhó. Níor raibh fhíos ag aoinne céir leis an bhó. Cupla lá roimhe sin tháinig bhean agus do chúir sí geall go bfaghadh sí féin arthach ná líonfadh an bó agus muna lionfadh an bhó an t-ardach do bheadh an bhó aicí féin. Súidh leí agus do fuair sí críathar. Do bhí an bean ag crú an bhó acht do theip uirtí an críatar do líonad. Nuair do chonnaic an bhó an bainne ag rith ar an talamh do déin sí geimh uathbásadh diamhair agus síos isteach san fairrge leí. Déir sean dúine go bhfúil an bun - lórg le feiscint ar an gcarraigh fós.- Bailitheoir
- Áine Dé Róiste
- Inscne
- Baineann