School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)106
... an urlár,nuair a marbhuig sé an triúr; Chuaidh sé amach sa tsráid agus bhí beirt eile ag rith leotha féin agus do chas sé íad agus do mharbhúidh sé íad.
"Ní tiocfad síad ad robhail anois ," adúbhairt a buachaill.
"Teidirse ar dó ghluinibh anois adúbhairt sé leis a bhfeirmeoir agus dein t'fhaoistine le Dia. I gcionn tamaill d'fiafruigh sé de a raibh a fhaoistine déanta aige.
"Tá, adubhairt a feirmeoir .
Lámhaigh sé annsan é agus marbhuigh sé é. Chroith sé a lámh leis a gcailín agus le n-a máthair annsan.
Póg sé an cailín annsan, sul ar fhág sé an teach, 'mairim-sé " Dúbhairt sé, "Tiocfad mé
fhád dhéin arís" agus d'imthigh leis.
I gcionn na triomad oidhche bhí se a gabháil bhóthair uaignigh, bhí bóthair eile tamall uaidh ar an imteacht céadna. D'airigh sé carráiste a gabháil a bóthair eile agus do luidh sé cois taobh a claidhe.
Sé bhí ann ná tighearna talmhan a bhí a bailiúghad cíosa. D'airigh sé an cainnt
"T'anam nó do chuid airgid".
Ba e rud an tigearna talmhan só breiteamh go raibh fear on gcroich aige uair sa mbliadhain.
D'eirigh an buachaill amach ón gclaidhe agus thriall sé trasna na páirce ar an gcarráiste .
"Cad atá an fear san a déanadh oraibh" adúbhairt a buachaill.
Téidir i bhfeidil do ghnótha" adúbhairt an beirt do bhuail fán dtighearna talmhan.
Do bhuail an buachaill cupla cois-ceim ar a aghaidh agus d'ionntaig sé ar a shail agus do lámhaig sé an...(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Mhathghamna
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare