School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)108
...a gabhail isteach é. Do gheal a chroídhe an buachaill . Suidh an breitheamh san idir an bheirt a bhí thuas. Nuair a shuídh sé síos , d'fhiafruigh sé de'n bheirt eile bhfuil dada daor indhiú agaibh. Tá cúigear adubhradar agus is measa an buachaill seo ná an cúigear ar fad.
"Bhail" adúbhairt duine de'n dhá bhreitheamh a bhí ar an mbinnse roimhe, "tá fear aca so le tabhairt saor agat-sa indhiú".
D'fiafruigh an breitheamh deidheanach a tainig isteach a raibh dada marbh agan mbuachaill seó agus dúbhairt duine aca leis go raibh aoinne déag. Bhí slat i láimh an beirt deidheanach a tainig isteach ; leag sé an tslat ar gualainn an buachaill agus dúbhairt "liomsa tusa indhiú".
Fág againn é sin adubhairt an dá breitheamh a bhí ar a mbinnse ar dtúis agus bíodh dó rogha d'en chúigear eile agat".
"Saor sé sin mise ar sé agus cia'n ciall ná saorfainne é indhiú. Téidir abhaile go dtí do mháthair anois, adúbhairt sé agus ná fheicim annso níos mó tú 'na leitheid seo de chas.
D'imthigh sé an bóthar annsan agus níor stad sé riamh na choidhce ná go dtáinig go teich an feirmeora.
D'fhan se ar feadh seachtainne annsa teich sin bfocair a cailín agus a máthar. Dúbhairt máthar an cailin leis fanacht air fad aca agus do dtabhradh sí an meid a bhí aici dó agus a h-inghean le posadh.
Bhfuil tu sásta leis a margad san " adúbhairt a buachaill leis an tsean-bhean.
"Táim" adúbhairt a tsean-bhean.
Caithfeadh-sa dul abhaile go dtí mó mháthair féin anois...(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Mhathghamna
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare