School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chun an óir d'fhagaint ag beirt eile agus do fágadh an t-ór ann agus tá sé ann fós.
- Fadó do chómhnuig duine i bhFóidre darbh ainm Muirisín agus bhí taidhreamh aige trí h-uaire i ndhiaidh a cheile go bhfuighfeadh sé cróca óir dá d'téighfeadh sé go droichid luimnighe. Chuaidh sé ann agus bhí ag siúbhal síos súas an droichead go ceann trí lá.
Ansan do chas fear air agus d'iarr an fear sin air cad a bhí sé á dhéunamh ar fead trí lá. D'innis Muirisín a sgéal dó agus arsan fear leis " Bhí taidhremh mar sin agam go raibh cróca óir leath is muigh de dhoras Muirisín Fóidre". Níor leig Muirisín air gurbh é féin a bhí sa taidhreamh acht d'imtigh sé abhaile cómh tapaidh agus a bféidir leis agus fuair sé an cróca óir leath is muigh dá dhoras féin fé lic mhóir.- Informant
- Séumas Ó Eocaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Doonaha, Co. Clare