School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Úair amháin do chúala fear go raibh ór i bhfolach i bpáirc le Tomás Ó Failbhigh, An Baile Nua, Lios Daoine. Chuaidh an fear ann ar a chapaill agus núair a fúair sé an t-ór tháinig an chú a bhí mar gárda ar an ór agus chúaidh sé ara thóir. D'eirigh leis a thigh féin do bhaint amach go slán. Nuair do shrois sé a thigh féin thug sé an chapall isteach sa tigh leis agus do luigh an capall ar an urlár agus do chuir sé a cheithre cosa i gcoinnibh an dorais. Acht ní fearrde é an t-ór mar an oidhche sin fuair sé féin agus an chapall bás.
- Informant
- Míchéal Tréaghan
- Gender
- Male
- Address
- Doonaha, Co. Clare
- Do bhí ór i bhfolach i bpáirc le muinntir Cox in aice leis an gcaladh, An Baile Nua, Liosdaoin, Conndae an Chláir. Do cuaid triúr fear ann uair amáin ag lorg an óir agus thosnuigheadar ag romhar. Bhíodar ag obair go díceallach annsan nuair a tháinig iolar mór os a gcionn. Do chaith an t-iolar mór cloc mór ar ceann duine aca agus do marbhuigheadh ar an dtoirt é. Do tháinig eagla ar an mbeirt eile annsan agus do theicheadar. Níor chuaidh aoinne ann ríomh ó shin chun an óir d'fagáil.
- Collector
- Seumas Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Informant
- Éamon Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Querrin, Co. Clare