School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht triúr no ceathrar aca sa pharoíste anois. Is feidír leo ceáchtaí agus inneall agus rotha do shocrú, buinn rotha do dhéanamh, faobhar, do chuir ar úirlísí. Deantar an obair le buinn agus ceáchtaí amuigh fén spéir.Tá na ceárdcháin suidhte cois srutháin ingách cás.
PÁDRAIGH Ó Mongaín:-in Dún Átha. Gabha ab'eadh a shean-athair freisin. Tagann tinneas béil ar chapallaib agus is feídir leis é do leigheas. "Salachar Béil" a tugtar air. Gabha maith iseadh é agus bíonn mac ag obair leis.
SÉAMUS Ó Mangáin:-
An gabha 2 míle ón áit seo. D'fogluim sé a chéard ó Isaac Smith a fuair bás cúpla bliaín ó shin.
TOMÁS de hÓR(gaol do Sheán de hÓr an file) Bhíodh ceárdcha aige ag an gCrosaire de hÓr. Fear an-láidir ab' eadh é agus bhíodh sé ag órdlaigeacht le laímh amháin agus an t-iarann in a ghlaic ag an láimh eile.
ANDY MANGANa bhíodh i gCuibhreann fadó agus a chuaidh go gac ceárdchain ar fuaid na Mumhan beagnách ag foghluim a céirde - gabha gan éifeacht ab' eadh é ámhthac in adhiaidh sin is uile
Bhíodh Sgéalta Fiannuideachta dá innsint aca sa gceárdchain fadó agus nil cuimhne ag aoinne annso go dtugtaí feírmí dhóibh ríamh nó aon cuid de bhuin nó de mhuic.Pádraig de Paor (ó na comharsana)- Collector
- Pádraig de Paor
- Gender
- Male
- Informant
- Na comharsana