School: An Charraig Bheag, Carraig na Siúire
- Location:
- Carrickbeg, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Comhraidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear annso fadó agus deineadh taidhbhreamh do trí oidhche i ndiaidh a chéile go raibh cróca óir ar droichead Luimnigh agus go mbeidh sé in a fhear saibhir dá dteigheadh sé ann. Fear bocht ba eadh é agus dubhairt sé leis féin go raghaidh sé ann. Chuaidh sé go Luimnigh agus bhiodh sé ag siubhal síos suas an droichead gach aon lá ach ní raibh aon ór le feiscint aige. Bhí an fear bocht cráidhte go maith agus bíodh sé a rádh leis féin gur mhór an t-amadán é agus teacht comh fada ó baile mar gheall ar daidhbhreamh. Tháinig fear cuige lá agus arsa sé leis "A chara táim ag féachaint ort le seachtain ag siubhal síos suas an droichead seo. Cad atá tú á dhéanamh nó cad é an gnó atá agat?" Gnó ait mhuise", arsa an fear bocht "Beidh náire orm é d'innsint duit ach táim comh cráite sin gur cuma liom. Taidhbhreamh a deineadh dom go bhfaigheann cróca ór ar an droichead seo.2 "A dhuine bocht" arsa an fear. "Teighir abhaile duit féin. Taidhbhreamh an runcéanna dom féin, ach ba é áit a dubhradh liom a raibh sé ná fé chrann sgeiche, gile i ngáirdín a leitheid so guine i gCondae Portlairge. "Ó Condae Phortlairge dom féin" arsa an fear bocht crádte. "Tá sé comh maith dom anois dul abhaile" arsa an fear bocht. "ach má bhí sé craidhte bhí sé gasta mar níor innis sé do fhear Portláirge gurabh é in a gháirdín féin sa mbaile a bhí sé tar éis a rádh(continues on next page)
- Collector
- Siobhán de Búrca
- Gender
- Female
- Informant
- Seathrún de Búrca
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrickbeg, Rural, Co. Waterford