Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5. Faithní: Seilcidhe a chimilt des na faithní agus an seilcidhe a chrocadh ar tor draighnighe nó tor spíonáin. Nuair a gheobhadh an seilcidhe bás d'imtheóchadh na faithní.6. Bruitíneach: Níl aon leigheas ar an bruitíneach ach fanúint ins an leabaidh. Tugtar leann nó inniúin beirbithe i mbainne dos na daoine cun na spotaí a chur amach go tapaidh. 7. Buinní : 1. Má shiubhlann duine cosnochtaithe ar an drúcht naoi n-uaire in dhiaidh a chéile leighiseann sé buinní.
2. Má nigheann duine na buinní ins an uisce meirgeach a bhíonn sa díg trí h-uaire leighisfidh sé iad. 8. Teine Fiadh: 1. Fuil chait dhuibh a chimilt de'n áit.
2. Aoine dárbh ainm dó O'Chathail má phriocann sé a mhéar go dtagann an fuil agus má chimleann sé an teine fiadh leis an fuil trí h-uaire leighisfidh sé an teine fiadh go tapaidh.9. Fárthainne: 1. Bluinig agus cloch ghorm a mheascadh le chéile agus é chimilt de'n áit.
2. Ainm an duine a scríobhadh mór-thimcheall na háite le dubach.
3. Luaithreach tobaic a chimilt de'n áit(leanann ar an chéad leathanach eile)