School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 407

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 407

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 407
  3. XML “An tSeilg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do's na gadhairibh.
    Ó Déirín Lae thug sé a aghaidh go Aill agus Annach, leim sé abha Gleanbhanbh agus leim fada, árd iongantach d' bheadh é. Bhí an talamh annsin bog agus líonnta de treinsibh agus thug sé a aghaidh ó thuaidh ar an dtaobh clé den abha Gleann Banb go Fiachail arís. Léim sé treinse a bothairín in aice Fiachail. Thug sé an bhothair arís go tapaidh ags tháinig sé go dtí doras an stábla in a raibh sé cheana. Bhí dúil aige dul isteach ach bhí an doras dúnta. Le aon léim amháin chuaidh sé treasna an falla agus an áit in a raibh Aoibheall a thabhairt a breitheamhas do Brian Merryman seachtmhadh bliadhain roimhe sin.
    Thug sé na sléibhte arís agus na marcaidhe in a thoir aige ac an t-ám seo ní raibh ac leat de'n daoine in a dhiaidh mar thuit tuirseac orta agus chuadhar abhaile. Suas leis an fiadh tré Gleann Banbh agus Baile Cróm ach bí sgata daoine ar bhárr Baile Cróm ag feacaint ar an seilg agus nuair a chonnaic an fiadh iad diompuigh sé go h-obann agus síos leis tré Gleann Banbh agus trí Cnocáin na Píce go dtí Carraig Gauny (?) Aill. Deirtí gur shuidh sé síos i Cnocán na Píce chun a sgíth a leigint mar ní raibh aon rud le clos. Ach ní ró fhada a raibh sé annsin gur chuala sé na gadhair ag teacht arís. As go bráth leis annsin go Aill. Thuit sé isteach i tréinse in Aill agus báthadh é.
    (See map Pages 414-415)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Máire Ní Mhuineóg
    Gender
    Female