School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 459
  3. XML “Máistir Ó Briain”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí Maighistir O'Briain go beo bocht i rith a shaoghal agus nuaiar a fuair sé bás ní raibh a méid airgid faghtha aige is a ceannóchadh cófra dhó. Chuaidh na comharsana mór timcheall ag bailiú airgid (mar a déanadh i gcomhnuidhe in ocháidh de'n t-saghas sin).
    Bhí Donnachadha O'Mhuineog maighistir sgoile i gCill Claráin agus bhí Donnachadha O Neachtan i measg na ndaoine a bhí ag bailiú airgid.
    Leis an airgead a bhailigheadar agus ní beag an suim a bhí aca. Bhí torramh ar an maighistir. Tháinig beirt fhear go dtí an torraimh agus bhíodar rud beag ar an asail nídh nach iongnadh ós rud é go raibh an t-airgead go flúirseach. Glaodhar in árd a gcinn agus a guta ar Péigí Comar, (Sin bean maighistir O'Briain)
    "Peggy Comber where is the will", arsa Peigí. Ye vagabonds take him out he is long enough there". Bhí Péigí pósta ceithre h-uaire.
    Do cuireadh é an lá ina dhiaidh san san roilig i bhFiachail agus ba breágh an sochraidh a bhí aige - b'é deire le na Sgolairí Bochta é in Oirthear Co an Cláir agus ní bréag ar rádh go bhfuair sé bás Amhar na h-Aimhteise.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish