School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sé ag siubhal an bóthar lá agus chonnaic sé gasúr ag teacht ó'n sgoil agus é ag caoineadh agus d'fiafruigh Séan de ceard a bhí air agus dubhairt an gasún, "Bhuail an máistir mé mar gheall nach raibh fhios agam mo Teagaisg Críostaighe. Ce'n cheist nach raigh fhíos agat arsa Seán agus thosuigh sé ag múnadh na gceisteanna dhó acht níor chuimhnigh sé ariamh go dtiocfaidh an bás air, nuair a bheadh na ceisteanna múinte aige don ghásúr agus annsin tháinic an bás agus chuimhnigh annsin go raibh sé ag rádh páidreacha nuair a bhí sé ag munadh an Teagasc Críostaighe don ghasúr agus rith sé chomh maith is bhí sé in-dan go dtí an teach agus d'fhiafruigh sé den bhás a ndheanfadh sé an rud a dearfadh sé leis sul a dtógadh sé fhéin agus dubhairt an bás go ndéarfadh. Annsin dubhairt Seán leis a dhul amach san ngáirdín agus uball a bhaint den chránn agus chuaidh an bás amach agus nuair(continues on next page)
- Collector
- Liam Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 22
- Address
- Na Forbacha, Co. Galway