Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé ag siubhal an bóthar lá agus chonnaic sé gasúr ag teacht ó'n sgoil agus é ag caoineadh agus d'fiafruigh Séan de ceard a bhí air agus dubhairt an gasún, "Bhuail an máistir mé mar gheall nach raibh fhios agam mo Teagaisg Críostaighe. Ce'n cheist nach raigh fhíos agat arsa Seán agus thosuigh sé ag múnadh na gceisteanna dhó acht níor chuimhnigh sé ariamh go dtiocfaidh an bás air, nuair a bheadh na ceisteanna múinte aige don ghásúr agus annsin tháinic an bás agus chuimhnigh annsin go raibh sé ag rádh páidreacha nuair a bhí sé ag munadh an Teagasc Críostaighe don ghasúr agus rith sé chomh maith is bhí sé in-dan go dtí an teach agus d'fhiafruigh sé den bhás a ndheanfadh sé an rud a dearfadh sé leis sul a dtógadh sé fhéin agus dubhairt an bás go ndéarfadh. Annsin dubhairt Seán leis a dhul amach san ngáirdín agus uball a bhaint den chránn agus chuaidh an bás amach agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe