School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 08_006
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    air. Rinne an fear an rud céadna an chéad oidhche eile. Tháinich an fathach agus thosuigh sé ag leagan an bhalla. Chaith an fear chloch leis. Bhreathnuigh an fathach thart agus chonnaic sé an fear shuas sa gcrann. Rith sé leis agus thug sé abhaile na bhéal é go dtí a theach féin. Chuaidh a chodhladh agus dfhan an fathach na shuidhe. Bhí fathach eile sa mbaile freisin agus chuaidh sé chodhladh freisin. Lár na h-oidhche chuaidh an fathach siar sa seomra agus dubhairt sé leis an bhfathach eile eirighe. Bhí an fathach i na chodhladh. Deirigh an fear agus chuir sé ar éadaigh an fhathaigh. Dubhairt an fathach leis an staic giúsaigh bhí faoi'n leabadh a tharraint amach. Leag siad cloigeann an fhathaigh ar an ngúseach agus bhain siad an cloigeann de. Nuair a bhí siad dá tharraint anuas as an leabadh dubhairt an fathach is é an bodach é. An chéad oidhche eile chuaidh an fathach agus an fear a chodhladh. I lár na hoidhche deirigh an fear abus bhain sé an ceann de'n fhathach. Uaidh sin amach bhí an teach faoi na chúram féin aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Churraidhín
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraic Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    64
    Address
    Na Forbacha, Co. Galway