School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 08_007
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Rí sa domhan thiar aon uair amháin agus bhí sé pósta. Bhí go leor clann mhac aige acht cailleadh iad nuair a rugadh iad. Acht an t-ám seo rugadh mac óg dó agus bhí faithchíos air go bfuighfeadh sé bás.
    Chuimhnigh sé ar chleas. Rinne sé bosga agus chuir sé an mac óg isteach ann. Chuir sé an bosga amach ar an bhfairrge agus bhí an bosga ag imtheacht leis an ngaoth dtuaidh no gur shroich sé talmhan. An lá seo bhí sean-fhear ag siubhal i ndiaidh plód gabhair agus chonnaic sé an bosga. Dubhairt sé leis féin nach raibh aon rud eile aige acht a mháthair agus é féin agus na gabhair agus mar sin thug sé leis abhaile an bosga. Nuair a bhí sé sa mbaile doscail sé an bosga agus fuair sé páiste istigh ann. Dubhairt an mháthair go gcoinóchaidís é. Níor leig siad amach thar an doras é gan duine a bheith in n-éinfeacht leis no go raibh sé bliadhain agus fiche.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Churraidhín
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraic Ó Curraidhín
    Gender
    Male
    Age
    30
    Address
    Na Poillíní, Co. Galway