School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 08_011
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dimthigh sé leis annsin. Chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus ní ngar dhó i gciumhais coille. Nuair a tháinic sé go dtí geata an tighe bhuail sé an clog. Léim cú mhór aníos agus dá mhéid feirge a bhí air an dá chéad chú bhí a sheacht n-oiread orra seo. Chaith sé ceann de na cácaí aice agus nuair a bhlais sí dhe dubhairt sí. Fághaim baladh an Eireannaigh bhradaigh bhréagach. Tháinic sean chailleachaín amach. Dfhiafhruigh sí dhe cé'n t-ainm a bhí air nó cé dhár díobh é. Dubhairt an mac. Is mise mac rí an domhain thiar atá ar thóir inghín rí an domhain thoir. Chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin. Ar maidin deirigh sé agus dith sé a bhricfeasta. Dubhairt an chailleachaín go bhfuil teach breagh annsin amuigh agus gur ann a chuirfeadh sí féin é. Dubhairt sí go bhfeicfeadh sé chuile shórt isteach ann acht nach bhfeicfeá tada amach as. Dubhairt sí go dtiocfach dhá eala dhéag ar an loch(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Churraidhín
- Gender
- Female
- Informant
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Address
- Na Poillíní, Co. Galway