School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_010](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_08%2FCBES_0070C_08_010.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 08_010
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 08_010
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhréaghaibh. Tháinic sean chailleacháin amach agus dfhiafhruigh sí dhe cé d'ár díobh é nó cé'n t-ainm atá air. Dfreagair mac an rí. Is mise mac Rí an domhain thiar atá ar thóir inghin rí an domhain thoir,
Dubhairt an sean chailleachaín. Is deacair sin a dhéanamh. Dimthigh sé leis agus chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus ní ngar dhó i gciumhais coille. Nuair a tháinic sé go dtí an geata bhuail sé an clog. Léim cú mhór aníos agus dá mhéid feirge a bhí air an gcú eile bhí a sheacht n-oiread ar an gcú seo. Chaith sé ceann de na cácaí aice. Nuair a bhlais sí dhe dubhairt sí fághaim baladh an Éireannaigh bhradaigh bréagach. Tháinic sean cailleacháin amach agus dfhiafhruigh sí dhe cé dhár díobh é nó cé'n t-ainm atá air. Is mise mac rí an domhain thiar atá ar thóir inghin rí an domhain thoir. Is deacair sin a dhéanamh arsa an sean cailleacháin. Chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin. Ar maidin deirigh sé agus dith sé a bhricfasta.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Churraidhín
- Gender
- Female
- Informant
- Pádhraic Ó Curraidhín
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Address
- Na Poillíní, Co. Galway