School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 09_003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 09_003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 09_003
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    raibh Pádhraich básuighthe thug tú t-éitheach a deir sé níl acht tá Máire básuighthe. Bhí siad ag cur in aghaidh a chéile agus shochruigh siad faoí dheire a gabhail go dtí a dteach. D'imthigh leo agus is gearr go bhfaca Máire agus Pádhraich iad a teacht. Ó luigh siar go beó a dhiabhail adeir Pádhraich le Máire. Luigh an bheirt siar agus is gearr go dtáinic an bheirt isteach. Ó manam deir siad go bhfuil an bheirt básuighthe. Tiubhrfain céad punt anois deir an "Rí" dá mbeadh fhios agam cé aca den bheirt ba thúisge a fuair bás. Ó is mise an chéad duine fuair bás deir Pádhraich, thug tú t'éitheach deir Máire is mise an chéad duine a fuair bás. Bhí náire ar an beirt faoí a léithid de chleas a imirt ortha agus thug siad to leór airgid dhóibh acht gan é a innseacht do aon nduine go deó faoí an gcleas a d'imir an bheirt ortha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraic Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    74
    Address
    Na Forbacha, Co. Galway