School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mo Cheanntar Fhéin
Tá mise mo chomhnuidhe i mbaile Mhín-Doire-Éirc i bparroiste Theampaill Cróna i mbarúntacht an Bhaoilligh. Tá naoi dtoigheach ar an bhaile sin. Níl ann acht beirt sean-daoine, Dómhnall Ua Dochartaigh agus Grainne Ní Dhochartaigh. Tá cúig locha ann- Loch an Draighin - Loch Shalach - Loch Gheal - Loch Bheag agus Loch na gCuisireach. Toigheach cinn-tuighe atá ins an cuid is mó aca. Níl ann acht dhá theach cinn-shléine. Ní choinigheann siad mórán stiuc ann. Ciuirtear eallach ar fhéarach ann cóir uair. Bhí ní ba mhó toigheach í Mín-Doire-Éirc i bhfad o shoin nó atá ann anois. Nuair a fuair na seandaoine uilig bás thuit na toigheach. Tá mórán séan-sgéaltaí ag an bheirt aca.
Bríghid Ní Dhochartaigh
Mín-Doire-Éirc
Clochán Liath
Tír Chonaill,- Collector
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Donegal
- Sean Amhran.
Och! Och” smo bhrón go deó.
Tchím bean ag teacht anoir adaí as í da sárughadh.
Och! Och! smo bhrón go deó.
Cosamhail le siubhal, le siubhal mo bháinríoghna.
Och? Och? Smo bhrón go deó.
Rachamuid ‘un na h-aircis go dtugamuid a saith dí.(continues on next page)