School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 436
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Suid amuigh e, suid astoigh e, suid sa chlúid e, agus dhá chead súil air. Reidhteach. = Cliathaire.
Barraile ar an tráigh agus a dhá ceann druidthe. Réidhteach. = Uibh.
Ca mhéid cos ar ar mhadadh a déagh. Réidhteach. = Ceithre cos.
Tháinig sé isteach ar chúl na ndaoine agus chuaidh sé amhach mar snáithe síoda. Réidhteach. = Móin agus luaith.
Thíos ins an mhíodun thcimh an t-árd, deas sgaifte bean uasal ag damsa go deas fa na gcuid bearaid ghorma agus cotaí geala. Réidhteach.= Neoininí geala.
Cáide an chéad pháirt de’n bhó a théidheann isteach sa bhoitheach an chéad uair? Réidhteach. = Anál.
Nuair a d’amharc mé amach ar an fhuinneóigh chonnaic mé an marbh ag iomchair an béo.
Réidhtheach. = Bád agus fear ann.
Cáide a théigheas thart agus thart ar an teach agus bíonn ag feadalaigh i bpoll na eochrach.? Réidhteach. = An ghaot mhór.
Ca thuighe a bhfuil fear misge cosamhail le bean uasal. Réidhteach. = Cionnus go bhfuil an bean tugtha do’n ghloinne.
Leat marbh, leath beó, agus ruball ag bogadaidh. Réidhteach. = Madadh agus a cheann(continues on next page)