School: Mín an Tóiteáin
- Location:
- Mín an Tóiteáin, Co. Donegal
- Teacher: Conall Mac Cuinneagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Tóiteáin
- XML Page 454
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biadh na SeanaimsireI bhfad ó shoin ní rabh plúr nó tae ar bith aca. Ní rabh aca acht mín-choirce agus neart bainne mhilis agus bladach. Dhéanfadh siad arán coirce le bainne agus uisge. Seo ma ghnídeadh siad é. Bhéirfeadh siad leobtha mias nó scála agus chuirfeadh siad graínin maith mín-choirce isteach sa mheas. Annsin chuirfeadh siad bainne nó uisge bog isteach fosta agus mheasgadh siad é le spanóg go mbéadh se bréag cruaidh aca. Nuair a bhéadh sé meascaidh go maith aca chuirfeadh siad ar iarainn an arain ar an teinidh é. D'fhághfadh siad ar an teinidh é go cionn tamall maith go mbéadh sé bréag cruaidh. annsin thionntuigheochaidh siad é agus bhéadh sé annsin go mbéadh sé réidh le tógál. Bhéirfeadh achan dhuine leobtha braon bainne agus giota aráin-choirce annsin agus sin an rud a bhéadh maith le h-ithe. Ní rabh tablaí ar bith aca, ní rabh aca acht bocsaí móa agus coraí móra tae, agus nuair a bhéadh preataí bruidhte aca chuirfeadh siad amach ar an loisigh iad agus d'iosfaidh siad iad le braon bainne agus grainín salainn. Ba ghnáthach leobhtha luibheanna a thabhairt isteach agus iad a chuir isteach i bpota agus salann a chuir ortha. Annsin d'íofadh siad sin fa-choinne a suipéar nuair a bhéadh siad buitthe.(continues on next page)
- Collector
- Siubhan Ní Chéarrain
- Gender
- Female
- Address
- Cró na Sealg, Co. Donegal
- Informant
- Meadhbha Ní Chéarrain
- Gender
- Female
- Address
- Mín Leic na Leabhar, Co. Donegal